Убийственная пародия на целый ряд ирландских учебников и книг для чтения и на ирландский флегматичный стиль мышления
Классический текст:
Cáit an Cheoil agus a Fear
Is amhlaidh a bhí meitheal acu, agus bhí siad ag suí chun bia, agus bhí bord mór prátaí os a gcomhair, agus bhí báisín bainne ramhair ar aghaidh gach fir amach. Thóg fear an tí a bháisín féin, agus an chéad bholgam a bhain sé as nocht sé luch ann. Bhagair sé ar Cháit agus thaispeáin sé an luch di. Níor chuir sin corrabhuais ar bith uirthi.
Rug sí ar an mbáisín ina láimh chlé. Chuaigh sí anonn go doras. Chuir sí an lámh dheas sa bháisín. D’ardaigh sí an luch as agus chaith sí an doras amach í, agus ansin bhuail sí an báisín céanna agus an bainne céanna ann, os comhair a fir.
Nuair a chonaic sé cad a bhí déanta aici d’éirigh sé ón mbord i bhfeirg agus d’imigh sé amach. Nuair a bhí sé ag gabháil amach, dúirt sise, “Go deimhin, is deacair daoine a shásamh. Ní dhéanfadh bainne agus luch ann an gnó, ná bainne agus luch as.”
Моя гениальная ученица Майя приписала к этому
Caint:
An dtiteann lucha i do chuid bainne go minic? ― Ní thiteann.
Céard é is fearr leat, bainne agus luch ann nó bainne agus luch as? ― Is fearr liom bainne agus luch as.
Cad ina thaobh gur bhfearr leatsa é sin? ― Toisc nach maith liom feoil in éineacht le bainne.
Céard é an t-iontas a bhí feicthe ag fear an tí ina bháisín? ― Bhí luch le feiceáil ann.
Cárbh fhios dó go raibh luch sa bháisín? ― Toisc nach raibh an bainne go hiomlán ina leacht.
Cad ina thaobh go raibh fearg ar an bhfear? ― Níor bhreá leis an meitheal a bhí sa teach acu, is dócha.