Jul 13, 2006 01:19
Le Máirtín Ó Direáin
I mo aonar dom aréir
I mo shuí cois mara
An spéir ar ghann chuid néal
‘S an muir is tír faoi chalm.
Do chumhraíocht ríonda
A scáiligh ar scálleán m’aigne
Cé loinnir deiridh mo ghrá duit.
A shíleas bheith in éag le fada.
Ghlaos d’ainm go ceanúil
Mar ba ghnách liom tamall
‘S chuala scread scáfar
Ó éan uaigneach cladaigh.
Maith dhom murab fhaí leat flú
Do scáth dhil im’aice
Ach bhí an spéir ar ghann chuid néal
‘S an muir is an tír faoi chalm.